Féile na Mí 2021 Comórtais do Dhéagóirí
Bhí anam agus croí le feiceál i gCo. Na Mí nuair a bhris an dúchas go spleodrach trí shúile dhéagóirí Ghaeltacht Ráth Chairn Dé hAoine agus iad ag glacadh páirte go fonnmhar i gcomórtais amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós ag Féile na Mí 2021.
Is i gColáiste Pobail Ráth Chairn a bhí na comórtais do dhaoine óga faoi chúig bliana déag agus faoi ocht mbliana déag d’aois ar siúl i mbliana agus cruth nua ar an gcuid seo den bhFéile.
Luaigh príomhoide na scoile, Róisín Ní Dhúshláine, gur tógáil croí di é go raibh ardú ar líon na ndaoine óga a chur isteach ar na comórtais agus gur léir nach baol don tradaisiún agus na daoine óga, cumasacha, Gaelacha seo ag teacht chun cinn.
Chuaigh sé dian ar na moltóirí Étáin Ní Churraoin agus Brídóg Ní Chonaire na buaiteoirí a phiocadh ach rinne siad an bheart agus bronnadh duaiseanna breátha ar na hiomaitheoirí buacha.
Féile na Mí 2021, Ráth Chairn
Féile na Mí’s sean-nós singing and dancing competitions for the under 15 and under 18 age groups took place in Coláiste Pobail Ráth Chairn on Friday.
Students gave an energetic, lively display of talent during these competitions, which form part of Féile na Mí’s programme of events every year. This year, due to public health considerations, the Féile’s events have been organised differently and these competitions took place in the school on Friday instead for the first time.
The Principal of the school, Róisín Ní Dhúshláine, expressed her delight at the increased number of competitors and said that it was fantastic to see these young people bringing the tradition forward with pride, energy and style.